Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Friday, 26th April, 2024Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 13:26-33
Thóg Dia Íosa ó mhairbh.
Nuair a tháinig Pól go dtí Antíoc na Pisidia dúirt sé sa tsionagog:
A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo.Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide. Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d’iarr siad ar Phioláit é a chur den saol.
Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é. thóg Dia ó mhairbh é agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.
Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir, go bhfuil Dia tar éis é a chomhlíonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm:
‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 2
Freagra Is tú mo mhac, inniu is ea a ghin mé thú.
Malairt freagra Alleluia!
1. “Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”
Foilseoidh mé reacht an Tiarna.
“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú. Freagra
2. Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.” Freagra
3. Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe; aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
Déanaigí fónamh don Tiarna le heaglaagus tugaigí ómós dó go creathnach. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 14: 1-6 Glóir duit, a Thiarna.
Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
Is iomaí áras i dteach m’Athar. Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é.
Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;
i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.’
Dúirt Tomás leis:
“A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”
Dúirt Íosa leis:
‘Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart